Rang a 4 i nGaelscoil Aonach Urmhuman ag ullmhú do Rith 2012. Véarsa 1 Beimid ag Rith.....2012 Beidh sé go maith, Beidh sé ar fheabhas, Beidh sé go haoibhinn. Véarsa 2 Caithfidh tú rith, Ar nós na gaoithe, Éirigí suas, Bígí ag rith, Ag iompar an bhata. Curfá Tá'n Rith ar siúl.......Faigh uisce. Bata agat.....'S broga. Ná bí i do shuí, Léim suas is bí ag spraoi. Cosa, Cosa......Rith Rith, Ar son na Gaeilge. Loinneog A (Dún na nGall, hé hé. Aonach Urmhumhan, hé hé Inis Mór, hé hé.) **Véarsa 1, 2 agus Curfá Arís Loinneog B (Gaoth Dobhair, hé hé, Béal Feirste, hé hé, Átha Cliath, hé hé, Ar son na Gaeilge. Luimneach, hé hé, Gaillimh, hé hé, Inis Mór, hé hé, Ar son na Gaeilge.) Rang 4, Gaelscoil Aonach Urmhumhan Rapa: Tá rud amháin le déanamh, Tá rud amháin le rá, Tá gach duine sásta, Is grianmhar é an lá. Nílimíd 'nár gcodladh, Ag ligint ár scíth, Táimíd ag rith, Ag rith do Michael D. Ag iompar an bhata, Ag déanamh an-ghlór. Go dtí na hoileáin, Chuig Inis Mór. Oscail an bata, Féach isteach, Bí ag éisteacht, Leis an teachtaireacht. Loinneog B x2