Ní fuil ná feoil é, a Dhé, d'íomhá bréige -blás liath na cré- ach fáiscim chugam é go bpléascann go beatha. Ní faoiseamh ceist (ná freagra). An amhlaidh a ghráim an t-íomhá ciúin nach bhfreagróidh ar ais mé agus go dtuigeann Tusa m'fhulaingt dhian mar a thuigimse é? B'fhédir nach í an cheist (ná an freagra) an fhadhb (ná an freagra) Ní hí, a Dhé. Ní thuigim. Ní heol dom. Ní dheimhním faic - fós ach sin. Bí ann nó as táimse ag triall Ort agus má tá cuirim geasa Ort mé a shábháil ón dream a deir gur fear fuar sa spéir Thú. A Dhé, tá m-eiriceachtaí gan teorainn ach nárbh fhearr Leat sin ná leannán theas bhainne na bó nach mbreathnódh siar Ort ó cheann ceann na bliana? A Dhé, Ní hé réiteach na faidhbe an réiteach. Níl aon draíocht nua ar tairiscint. Caithfeadsa an deilgneach a thaisteal. Níl scíth ná aimsiú ar ghrinneall. B'fhearr liom an t-uisce fuar san éadan anois ná níos deireanaí. Táim réidh mo phatrún caoch a shníomh ar chanbhás streilleach. Ionsaím ceisteanna cantalacha an lae (corp, croí agus intinn). Deir an cathú leiom "Ná déan!" Cén mhaith áilleacht dhuthain? Cén mhaith? Ach cuimhnigh - nach é an freagra an réiteach Ach an t-iarmhar gránna-- luaith mharbh na hoíche-- gréithre salacha ar maidin-- comharthaí mo bháis féin agus mé do shíor á ghlanadh (gréithre, croí agus intinn). Dearmad tamall, a Dhé, ar bhlas liath na cré. (Is measa an dearmad.) Céard a dhéanfainn ach go n-adhraim an bheatha dhuairc seo? Fáiscim chugam an mhallacht. Ní fios cén fhad a mhairfeas. Ach
...